{"product_id":"glor-on-sceilg-scribhinni-le-micheal-ua-ciarmhaic-hardcover","title":"Glór Ón Sceilg: Scríbhinní Le Mícheál Ua Ciarmhaic - Hardcover","description":"\u003cdiv\u003e\u003cp style=\"text-align: right;\"\u003e\u003ca href=\"https:\/\/reportcopyrightinfringement.com\/\" target=\"_blank\" rel=\"nofollow\"\u003e\u003cb\u003eReport copyright infringement\u003c\/b\u003e\u003c\/a\u003e\u003c\/p\u003e\u003c\/div\u003e\u003cp\u003eby \u003cb\u003eMícheál Ua Ciarmhaic\u003c\/b\u003e (Author), \u003cb\u003eMáirín Nic Eoin\u003c\/b\u003e (Editor), \u003cb\u003eMary Shine Thompson\u003c\/b\u003e (Editor)\u003c\/p\u003e\u003cp\u003eIs éard atá sa leabhar seo ná ábhar próis agus filíochta a roghnaíodh ó ocht gcinn de bhunleabhair Ghaeilge a d'fhoilsigh an t-údar ó Bhaile an Sceilg Mícheál Ua Ciarmhaic (1906-2005) idir 1984 agus 2000, móide dhá dhán leis ón gcnuasach \u003ci\u003eDuanaire Mhaidhcí\u003c\/i\u003e (2006), a foilsíodh mar dhuanaire cuimhneacháin i ndiaidh a bháis. \u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cbr\u003e\u003c\/p\u003e\u003cp\u003eTá na leabhair seo ar fad as cló le fada. Is é an cuspóir a chuir na díolamóirí rompu agus iad ag roghnú an ábhair ná cnuasach tarraingteach ilghnéitheach a chur ar fáil, a léireodh pearsantacht agus cruinneshamhail Uí Chiarmhaic agus a dhíreodh aird léitheoirí ar na ceisteanna cultúir agus comhshaoil a bhí tábhachtach dó. Cuntas ón taobh istigh atá ann ar cheantar cultúrtha ar leith, an ceantar cnoic agus farraige a shíneann amach i dtreo Sceilg Mhíchíl, ar chósta thiar Uíbh Ráthaigh. Tá an-saibhreas teanga sa leabhar agus beidh na scríbhinní agus na nótaí eolais agus teanga atá curtha ag na heagarthóirí leo ina n-acmhainní luachmhara do ghnáthphobal Uíbh Ráthaigh, do lucht oideachais agus lucht pleanála teanga agus d'aon ghrúpa ar cás leo todhchaí na Gaeilge sa réigiún trí chéile. Beidh ábhar spreagtha do ghníomhaithe éiceolaíochta sa mhioneolas ar an timpeallacht fhisiciúil atá ar fáil sa leabhar agus i dtuiscint iomlánaíoch an údair ar ghaol an duine leis an dúlra. \u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cbr\u003e\u003c\/p\u003e\u003cp\u003eCuirfidh scoláirí agus gnáthléitheoirí araon spéis sna heachtraí drámatúla ar muir agus ar tír atá á ríomh sa leabhar agus spreagfaidh an insint bhríomhar fhileata a ndúil sna foinsí litríochta, cultúir agus béaloidis a chothaigh Ua Ciarmhaic agus a mhúnlaigh a shaoldearcadh.\u003c\/p\u003e\n            \u003cdiv\u003e\n\u003cstrong\u003eNumber of Pages:\u003c\/strong\u003e 264\u003c\/div\u003e\n            \u003cdiv\u003e\n\u003cstrong\u003eDimensions:\u003c\/strong\u003e 0.93 x 9.4 x 6.5 IN\u003c\/div\u003e\n            \u003cdiv\u003e\n\u003cstrong\u003ePublication Date:\u003c\/strong\u003e February 14, 2025\u003c\/div\u003e\n            ","brand":"BooksCloud","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":46662075482309,"sku":"9781782050179","price":39.57,"currency_code":"USD","in_stock":false}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0757\/6718\/5605\/files\/7JoHJL-hz9781782050179.webp?v=1785914386","url":"https:\/\/selloorium.com\/products\/glor-on-sceilg-scribhinni-le-micheal-ua-ciarmhaic-hardcover","provider":"Selloorium","version":"1.0","type":"link"}